TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ
home / latest news / TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ
TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ
December 20, 2018
- Share on Facebook Share on Facebook
- Share on Twitter Share on Twitter
- Share on Google+ Share on Twitter
- Share on mail Share on mail
Craobh Eochaille agus Dáil na Mumhan de Chonradh na Gaeilge
TIONÓL OIRTHEAR CHORCAÍ
…Tórramh an Bhairille...
Óstán Old Imperial
27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
11 ~ 12 Eanair 2019
Fáilte roimh chách
>>>
An Clár
Dé hAoine 11/01
19.30 Teacht le chéile
19.45 Oscailt le Liam Suipéil, Iar-Bhainisteoir Choláiste na Rinne
20.00 ~ 21.00 léacht (1) Pádraig Phiarais Cúndún: súil siar, súil chun cinn leis an Dr. Neil Buttimer
21.30 ~ ceol traidisiúnta i mbeár an Óstáin
Dé Satharn 12/01
10.30 ~ 11.15 tae/caifé & gearrchaint ar Tionchar na Gaeilge ar Eochaill le Séamus Ó Máille
11.30 ~ 12.15 cuairt ar Gheata an Chloig le hEdel Uí Eachtigheirn
12.30 ~ 13.45 briseadh lóin
13.45 ~ 14.00 cur i láthair ar Tarrtháil Chróga le hAingeal Uí Dhomhnaill
14.00 ~ 15.00 léacht (2) An Stíl Fhiannach: Léas ar saothar Sheáin Uí Dhreada 1771 ~ 1840
leis an Dr. Stiofán Ó Cadhla
15.00 ~ 15.30 plé oscailte + tae/caifé + seoladh Feasta
15.30 scor
Lóistín Is féidir praghas a fháil agus áirithint a dhéanamh díreach leis an óstán
Tabharfaidh an t-óstán ráta ar leith d’aoíonna, ach an tionól a lua
Óstán Old Imperial, 27 An Phríomhshráid Thuaidh, Eochaill, Co. Chorcaí
www.theoldimperialhotel.com (024)92435
eolas breise
Liam Ó Laochdha (086)325 8271 olaochdha.l@gmail.com
Séamus Ó Máille (086)377 9071 jkomalley@eircom.net
Donnchadh Ó hAodha (087)242 1267 d.ohaodha@ucc.ie
www.dailnamumhan.ie
-------------------------------------------------------------------------------------------------------
Pádraig Phiarais Cúndún: súil siar, súil chun cinn Pádraig Phiarais Cúndún (1777~1857)
Ón Seanachoill i bParóiste Bhaile Mhac Óda é an Cúndúnach. Léiriú ar an scríbhneoir fíor-spéisiúil seo agus cad ab fhéidir a fhoghlaim ina thaobh feasta.
An Dr. Neil Buttimer:
Tá Neil Buttimer ina léachtóir le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Is spéis leis an cultúr Gaelach roimh an Gorta Mór, réimse a bhfuil aistí agus tráchtaireacht dá chuid i gcló air. An fhianaise théacsúil chuige is mó is cás leis, agus go háirithe na bealaí chun léamh ar an bhfianaise chéanna lena shuíomh ina chomhthéacs comhaimseartha.
Tionchar na Gaeilge ar Eochaill
Séamus Ó Máille
Iarmhúinteoir meánscoile a chaith tréimhsí i mbun teagaisc i gCorcaigh agus i mBaile Átha Cliath sular thug sé aghaidh ar an “Ríocht “- 27 bliana caite aige i gCill Orglain. Scríobhann sé alt míosúil i bhFeasta -'Dialann Dúlra.'
Tarrtháil Chróga
Cuntas gairid ar longbhriseadh i gceantar Eochaille i 1963. B’as An Orient sa Bhriotáin a sheol an Fée des Ondes. Bhí an cuntas i gcló sa Linn Bhuí ,2018 lgh. 169~172.
Aingeal Uí Dhomhnaill, údar an ailt, a thabharfaidh cur síos gairid ar an eachtra.
Cuairt ar Gheata an Chloig (Clúdóigh coiste eagraithe an tionóil an costas iontrála)
Baile stairiúil is ea Eochaill. Téann trácht ar an mbaile siar go dtí na meánaoiseanna.
Tabharfar cuairt ar an nGeata cáiliúil seo faoi threoir ag Edel Uí Eachtigheirn.
An Stíl Fhiannach: Léas ar saothar Sheáin Uí Dhreada 1771 ~ 1840
Súil a chaitheamh – le cabhair pictiúir – ar chúpla gné d’obair an scríobhaí agus an tsníodóra cloch ón Mhín Uachtair, Seán Ó Dreada.
An Dr. Stiofán Ó Cadhla
File agus Ceann Roinn an Bhéaloidis aagus na hEitneolaíochta, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh
------------------------------------------------------------------------------------------------------
Beidh táille €5 sa ló ar na himeachtaí - le bhúr dtoil